Faoi

Achoimre ar an Eachtra:

  • Ainm: Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan
  • Lá & Dáta: Dé hAoine, 6 Meitheamh 2014
  • Áit: An Abhainn Mhór, Mainistir Fhear Maí
  • Fad: 2 km (1 km in aghaidh an tsrutha & 1 km leis an sruth)
  • Cultacha Fliucha: Roghnach
  • Iontráil & Costas: Féach ar ár leathanach Iontrála

Faoin Eachtra:

Grianghraf – Ní Fios

An dara Shnámh na hAbhann Móire i Mainistir Fhear Maí ar thráthnóna aoibhinn samhraidh sa bhliain 2000.

Tá an stráice 3.5 km den Abhainn Mhóir suas ó Chora Mhainistir Fhear Maí ina stráice móréilimh chun snámha le fada an lá. Uair amháin, ba é an snámh san abhainn an rogha chaitheamh aimsire shamhraidh i Mainistir Fhear Maí, ach tháinig laghdú mór ar sin agus níor lean éinne ag snámh san abhainn le déanaí ach daoine áitiúla ar nós Tom Baker, Leo Bartley agus daoine nach iad. Le 15 bliana anuas, tá méadú iontach tagtha ar an líon daoine ag snámh faoin aer agus, á bhuíochas le Dave Mulcahy, tá athbhreithniú tagtha ar an snámh san abhainn i Mainistir Fhear Maí. Sa bhliain 1999, bhí Dave i gceannas ar ghrúpa a tháinig ó Cork Masters SC go Mainistir Fhear Maí chun snámh le Tom agus Leo ar ócáid an chéad Snámh bhliantúil na hAbhann Móire…

Grianghraf – George O'Keefe

Na snámhaithe réidh chun tosú an tSnámha sa bhliain 2007.

Bhain gach duine a tháinig an-taitneamh as agus mhéadaigh líon na rannpháirtithe thar na blianta ina dhiaidh. Go brónach, níl aon taifead den chuid is mó de na heachtraí go dtí 2007. Ó shin i leith, áfach, tá taifid maithe againn de na daoine a tháinig agus na snámhanna a rinne siad agus tá siadsan le feiceáil inár gCartlainn Torthaí. Leis sin, tá roinnt mhaith ghrianghraf ar ár leathanach Facebook, ar a bhfuil an nuacht is deireanaí i gcónaí.

Sa bhliain 2009, d’athraigh an eachtra a hainm ó “Snámh na hAbhann Móire” go dtí  “Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan” i ndílchuimhne ar Martin Duggan, nach raibh ach 14 bliana d’aois nuair a bádh go tragóideach é san Abhainn Mhóir i Mainistir Fhear Maí ar an 12 Iúil 2007. Ó shin, is é an cuspóir atá ag an eachtra ná daoine de gach aois, ach daoine óga go háirithe, a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa snámh faoin aer agus chun foghlaim conas taitneamh a bhaint as a bheith ag snámh amuigh faoin aer i slí shábháilte. Aidhm eile atá againn is ea taispeáint do mhuintir Mhainistir Fhear Maí nach rud chun eagla a bheith againn roimpi nó rud chun a bheith seachanta í ár Abhainn Mhór álainn, ach rud chun meas a bheith againn di agus rud chun taitneamh a bhaint aisti.

Grianghraf – FCC

Sylvain Estadieu i rith an rása 6 km sa bhliain 2009 nuair a hathainmníodh an eachtra in ómós do Martin Duggan. Shnámh Sylvain an Mhuir nIocht i Mí Mhéan Fómhair na bliana sin. Tá greim faighte ag an snámh féileacáin air ó shin agus tá sé anois ag pleanáil trasnáil an Mhuir nIocht ar an stíl sin!

Is eachtra uileghabhálach sinn, agus dá bharr, cuirimid fáilte roimh shnámhaithe a chaitheann nó nach gcaitheann cultacha fliucha ó gach club snámh atá cleamhnaithe le Swim Ireland. Nótáltar sna torthaí gur chaith nó nár chaith snámhaí culaith fliucha ach ní bhronnaimid duaiseanna i gcatagóirí ar leith – is eachtra bheag sinn, i ndeireadh an lae, agus níl an t-airgead againn chun mórchuid duaiseanna a cheannach!

Grianghraf – George O'Keefe

An dara ghrúpa de shnámhaithe ag tosú an tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan sa bhliain 2010.

Táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht ó thaobh Fermoy Rowing Club, a thugann cead dúinn a gcuid áiseanna a úsáid, an Aonaid Cuardaigh & Aisghabhála CFT na hAbhann Móire, a sholáthraíonn cumhdach sábháilte den chéad scoth dúinn gach uile bhliain, agus an-chuid deonacha agus eagraíochtaí eile a thugann cabhair dúinn i rith eagrú na heachtra. Má tá aon airgead fágtha tar éis costaisí na heachtra a bheith cumhdaithe, tugtar d’Aonad C&A CFT na hAbhann Móire é. Déanann siadsan obair thábhachtach dhian timpeall na háite seo agus is go deonach ar fad a mbíonn siad á dhéanamh.

Naisc Sheachtracha:

Do Thuairim: