Amanna i gcomhair eachtra na bliana seo…

A fhad is atáimid fós ag iarraidh an scéal leis an gcóras iontrála ar-líne a réiteach, níl anseo ach cur-i-gciumhne beag faoi na hamanna tábhachta i gcomhair eachtra na bliana seo:

  • Marcáil isteach ag Fermoy Rowing Club ó 18:00 go 19:00.
  • Crinniú faisnéise sábháilteachta ar an láthair chéanna ag 19:05.
  • Tosú an tsnámha ag 19:30 ón bhfánán nua.
  • Sólaistí agus duaiseanna thuas staighre díreach i ndiaidh an tsnámha.

Beimid ag fógairt cén saghas duaiseanna a bheidh againn ar ball…

Iontrálacha ar oscailt!

Dia dhaoibh, a chairde go léir! Faoi dheireadh, tá iontrálacha i gcomhair rása na bliana seo ar oscailt. Ar an drochuair, tá Active.com beagáinín mall ag liostáil ár n-eachtra i mbliana agus, dá bharr sin, nílimid ag glacadh ach le hiontrálacha páipéir go fóill. Tá gach eolas faoi conas d’ainm a chur isteach le haghaidh an tsnámha le fáil ar ár leathanach Iontrála agus tá an fhoirm iontrála agus an fhoirm chomhthoil tuistí le fáil ansin chomh maith.

Agus sinn ag tnúth le heachtra na bliana seo, tabhair súil ar ár gCartlann Torthaí, áit is féidir teacht ar na torthaí ar fad ó na bliana atá imithe inár ndiaidh. Ná déan dearmad, leis, go mbímid i gcónaí ag lorg saorálaithe chun cabhair a thabhairt ar an lá. Dá mbeadh aon suim agat lámh a thabhairt dúinn, seol r-phost chuig blackwaterswim@gmail.com chomh luath agus is féidir, le do thoil…

Sin é uainn go fóillín, coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh tuilleadh eolais!

Dáta i gcomhair rása na bliana 2014…

Dé bhur mbeatha, a shnámhaithe! Cuirimid tús le postálacha na bliana seo le dáta do bhur ndialanna… Reáchtálfar an Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan don bhliain seo tráthnóna Dé hAoine, 6 Meitheamh 2014. Coimeádaigí súil ar an suíomh seo is ar ár leathanach Facebook le haghaidh níos mó eolais.

Tuairisc & Torthaí 2013

Reáchtáladh Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo ar 7:30 in tráthnóna inné san Abhainn Mhóir i Mainistir Fhear Maí. Cé go raibh an aimsir bog braonach ar feadh mórchuid den lá, ghlan sé díreach roimh an eachtra agus bhí riochtaí aimsire i bhfad ní b’fhearr ná mar a bhíomar ag súil leis ní ba luaithe. Níor chuir an bháisteach le leibhéal an uisce agus, mar sin, bhí sé ní b’éasca do shnámhaithe dul in aghaidh an easa don chéad chiliméadar. Dar le huaireadóir Carol Cashell, 14.3ºC a bhí teocht an uisce. Ní raibh aon ghearán ag éinne faoi riochtaí abhann ar an lá agus ba léir gur bhain gach aon duine an-taitneamh as an snámh. Chríochnaigh gach duine den 47 snámhaí a thosnaigh an snámh agus, de réir dealraimh, gach aon duine acu an-sásta lena n-amanna snámha.

Grianghraf – Lee Fox

Beirt snámhaithe ag teacht timpeall na mbaoite castaí ag barr an chúrsa (Grianghraf: Lee Fox).

Ba é an réalta trí-atlain Gavin Noble (Sandycove Island SC) a fuair an chéad áit. Shnámh sé an 2 km san am ba thapúla riamh, 23 nóiméad 32.7 soicind! Ní raibh an lúthchleasaí aitheanta eile Bryan Keane (Templeogue SC) ró-fhada taobh thiar de. Chríochnaigh sé siúd in am 23 nóiméad 50.1 soicind. Ba é Owen O’Keefe (Fermoy SC) an chéad snámhaí gan chulaith chun críochnú ach fuair Ned Denison (Sandycove Island SC) an duais don áit sin mar tá Owen ar Choiste Eagraíochta na heachtra. Ba í Sarah Early (Templeogue SC) an chéad bhean chun an snámh a chríochnú. Ba í Carol Cashell (Dolphin SC) an chéad bhean chun an snámh a chríochnú gan chulaith. Ghlac sise páirt san eachtra seo seachtain i ndiaidh snámh timpeall Manhattan Nua-Eabhrac, 28.5 míle sa tslí! Tá torthaí iomlána le feiceáil ar an leathanach Torthaí 2013. Má fheiceann tú aon bhotún sna torthaí sin cuir in iúl dúinn go bhfuil sé ann agus déanfaimid iarracht é a réitiú.

Grianghraf – George O'Keefe

Gavin Noble ag glacadh lena dhuais – dealbhán €25 do The Edge Sports i gCorcaigh – ó Brigid Noonan agus Owen O’Keefe (Grianghraf: George O’Keefe).

Gach bliain, bronntar an Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan don snámhaí is óige a chríochnaíonn an snámh. Níorbh aon ionadh mór é gurbh í Mary Brooks (Fermoy SC) a bhuaigh an duais seo i mbliana. Fuair Mary an duais tar éis di an cúrsa 2 km  a chríochnú in am 32 nóiméad 39.1 soicind (le culaith uirthi). Is í Mary an tríú duine de chine Brooks atá tar éis an duais seo a bhuachan!

Grianghraf – George O'Keefe

Mary Brooks ag glacadh lena duais – Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan – ó John Duggan agus Owen O’Keefe (Grianghraf: George O’Keefe).

Tá buíochas le gabháil le an-chuid daoine agus grúpanna ó thaobh eagraíocht na heachtra de. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne ó Fermoy Rowing Club as ucht a gcuid áiseanna go léir agus gach cabhair a thabhairt dúinn ar an lá – ní bheimis in ann an eachtra a chur ar fáil in aon chor gan iad. Gabhaimid buíochas le Cumann Fo-Thuinn na hAbhann Móire, leis na cadhcóirí agus leis na daoine faire go léir a thug an-chabhair dúinn ag cur eachtra shlán shábháilte os comhair na snámhaithe. Buíochas lenár réiteoir, Jim Sheehan, a choimeád gach aon rud ó thaobh an rása de ag dul ar aghaidh go réidh, lenár n-amadóirí, lenár maoir chasaidh agus lenár bhfear fótaichríche, George O’Keefe. Buíochas le “The Edge Sports”, Corcaigh as ceithre dhuais ar luach €25 an ceann a urrú. Ar deireadh, ba mhaith buíochas a ghabháil le gach duine a rinne ceapairí, cístí agus sólaistí de gach aon saghas agus le Noel McCarthy, siopa eischeadúnais “Carry Out” i Mainistir Fhear Maí, as na deochanna boga a thabhairt dúinn.

Beidh go leor grianghraif eile le feiscint ar ár leathanach Facebook go luath (amárach nó Dé Luain seo chugainn). Idir an dá linn, go raibh míle maith agaibh go léir as a bheith linn inné agus táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil arís an bhliain seo chugainn!

Liosta Tosaithe 2013

Tá an córas iontrála dúnta faoi dheireadh agus tá 51 ainmneacha – líon fiúntach snámhaithe – san áireamh againn i gcomhair eachtra na bliana seo. Is féidir leat na daoine go léir a bhfuil a n-ainmneacha curtha san áireamh a fheiscint ar an liosta seo:

Ainm Iomlán

Club Snámha

Am Measta

47

Bryan Keane

Templeogue SC

00:18:00

60

Sarah Early

Templeogue SC

00:20:00

66

Ned Denison

Sandycove Island SC

00:24:00

70

Gavin Noble

Sandycove Island SC

00:26:00

72

Maeve Ryan

Dolphin SC

00:26:00

77

Carol Cashell

Dolphin SC

00:28:00

78

Una McIntosh

Cork Masters SC

00:28:00

79

Owen O’Keefe

Fermoy SC

00:28:30

80

Donal Fitzpatrick

Mallow Masters SC

00:30:00

81

Lizzie Lee

Sandycove Island SC

00:30:00

82

Nick Mulcahy

Cork Masters SC

00:30:00

83

Ciarán Murphy

Fermoy SC

00:31:00

84

Brian O’Shea

Sandycove Island SC

00:32:00

85

Declan O’Keeffe

Fermoy SC

00:32:00

86

Karen Sheehan

Fermoy SC

00:32:00

87

Mona Sexton

Fermoy SC

00:32:32

88

Liadha Hourihane

Dolphin SC

00:34:00

89

Martin Saunders

Mallow Masters SC

00:34:00

90

Ellen Brooks

Fermoy SC

00:34:16

91

Angela Stubbs

Cork Masters SC

00:35:00

92

Iain MacCallum

Fermoy SC

00:35:00

93

Stacey Hegarty

Fermoy SC

00:35:00

94

Conor Power

Carrick Dippers SC

00:36:00

95

John Conroy

Cork Masters SC

00:36:00

96

Paul Noonan

Fermoy SC

00:36:00

97

Mary Brooks

Fermoy SC

00:37:00

98

Dave Mulcahy

Fermoy SC

00:38:00

99

Eoin O’Riordan

Sandycove Island SC

00:38:00

100

Adrian Healy

Mallow Masters SC

00:39:00

101

David Dowling

Fermoy SC

00:39:00

102

Sandra Howard

Mallow Masters SC

00:39:00

103

Anna Maria Mullally

Sandycove Island SC

00:40:00

104

David Merriman

Sandycove Island SC

00:40:00

105

Fergus Galvin

Sandycove Island SC

00:40:00

106

Grace Corbett

Fermoy SC

00:40:00

107

Kevin Power

Sandycove Island SC

00:40:00

108

Mary Collins

Fermoy SC

00:40:00

109

Róisín Lewis

Sandycove Island SC

00:40:00

110

Sebastian Wójs

Cork Triathlon Club

00:40:00

111

Adam Blaiklock

Fermoy SC

00:42:00

112

Anna Sheehan

Fermoy SC

00:45:00

113

Ciara MacCallum

Fermoy SC

00:45:00

114

Kurt Malmstrom

Fermoy SC

00:45:00

115

Maeve Mulcahy

Dolphin SC

00:45:00

116

Tom McCarthy

Sandycove Island SC

00:46:00

117

Adrian O’Hara

Fermoy SC

00:50:00

118

Anne Sheehy

Sandycove Island SC

00:50:00

119

Denis Condon

Sandycove Island SC

00:50:00

120

Peter O’Mahony

Sandycove Island SC

00:50:00

121

Joan McDonnell

Mallow Masters SC

01:00:00

122

Kevin Myers

Mallow Masters SC

01:00:00

Más rud é gur chuir tú d’ainm isteach chugainn agus nach bhfuil sé le feiceáil ar an liosta seo thuas seol r-phost chugainn nó cuir glaoch orainn a luaithe agus is féidir. Ná déan dearmad go mbeidh an deasc clárúcháin ar oscailt sa Chlub Rámhaíochta ó 6:00 in go dtí 7:00 in agus go gcaithfidh gach snámhaí clárú laistigh den am sin.

Spriocdháta sroichte againn!

Is é inniu an lá deireanach le haghaidh iontrálacha do Shnámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo. Dúnfar an córas iontrála ar uair an mheán oíche anocht agus ní bheimid in ann glacadh le haon iontrálacha déanacha ná le haon iontrálacha ar an lá. Is de bharr cúiseanna sábháilteachta an polasaí seo.

Lógó – The Edge Sports

Tá an snámh oscailte do shnámhaithe atá ina mbaill de chlubanna Swim Ireland agus do shnámhaithe ón gcoigríoch atá cláraithe le ceann-eagraíochtaí snámha ina dtíortha féin. Is é €25 an táille iontrála do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus €15 an táille do dhaoine óga ó 12 bhliain d’aois go dtí 17 mbliana d’aois (san áireamh). Tá ceithre dhearbhán de €25 an ceann do The Edge Sports i gCorcaigh le buachan ar an lá agus sciath bhuan don tsnámhaí is óige. Is féidir iontráil trí chliceáil ar an gcnaipe seo:

Amárach, foilseofar an liosta tosaithe ar an suíomh idirlín seo agus beidh tú in ann súil ghéar a chaitheamh ar líon na rannpháirtithe don Aoine, iad atá ar chomh-luas leatsa ach go háirithe! Eiseofar treoracha do shnámhaithe agus do shaorálaithe chomh maith. Táimid ag tnúth go mór le sibh uile a fheiscint Dé hAoine!

Seachtain amháin fágtha chun iontráil

Dia dhaoibh, a shnámhaithe uile! Níl ach seachtain amháin fágtha chun d’ainm a chur isteach do SCMD na bliana seo. Dúnfar an córas iontrála ar uair an mheán oíche Dé Céadaoin seo chugainn (12 Meitheamh). Ní ghlacfar le haon iontrálacha déanacha.

Tá spásanna do shaorálaithe ar fáil chomh maith! Táimid ag lorg daoine faire a bheidh suite in áiteanna áirithe ar bhruach na habhann, cadhcálaithe (atá ar cumas Leibhéal 2 sa chadhcáil) agus amadóirí. Dá dteastódh uaitse a leithéid a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn agus tabharfaimid post éigin duit!

Tá na riochtaí go hiontach ar an Abhainn Mhóir faoi láthair – timpeall 15ºC an teocht istigh san uisce – agus tá súil againn go bhfanfaidh sé mar seo go dtí lá na heachtra. Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiscint ar an lá…

Athrú ar Uaireanta Clárúcháin

Tá athrú beag déanta ar na huaireanta clárúcháin i gcomhair eachtra na bliana seo. Is é seo an sceideal deimhnithe don tráthnóna:

18:00 Osclófar an deasc clárúcháin do shnámhaithe.

19:00 Dúnfar an deasc clárúcháin agus tabharfar óráid sábhailteachta.

19:30 Tosóidh an snámh!

Tá súil againn go n-oiriúnóidh na huaireanta clárucháin nua seo le daoine a bheidh ag teacht díreach óna n-áiteanna oibre ar an oíche.

Léarscáil Snámha

Níl ach mí amháin idir sinne agus Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo agus táimid ag tnúth go mór leis. Tá sos beag curtha ar fheabhsú na haimsire agus ar ardú theocht an uisce ach gealltar go mbeimid ar ais ar an mbóthar ceart i gcionn tamaillín bheag eile. Tá léarscáil curtha le chéile againn chun sibh a chur ar an eolas faoi suíomh an tsnámha, áiteanna páirceála agus a leithéid (cliceáil ar na deilbhíní):


Ná déan dearmad go bhfuil iontrálacha ar oscailt agus nach bhfuil uait ach dul chuig ár leathanach Iontrála chun a fháil amach conas d’ainm a chur san áireamh…

Duaiseanna d’eachtra na bliana seo…

Tá an aimsir ag dul i bhfeabhas seachtain i ndiaidh seachtaine um an taca seo agus tá súil againn go bhfuil sibh go léir ag dul ar ais chun na n-aibhneacha, na lochanna agus na farraigí agus séasúr an tsnámha faoin aer ag druidim linn.

Lógó – The Edge SportsChun sibh a spreagadh in bhur dtraenáil, tá áthas orainn á fhógairt go mbeidh ceithre dhearbhán, €25 an ceann, don siopa spóirt, The Edge Sports, i gCorcaigh le buachan ag an Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan 2013. Bronnfar na dearbháin seo ar na snámhaithe is tapúla sna catagóirí seo a leanas ar an lá:

  • Fireann (Gan Chulaith)
  • Baineann (Gan Chulaith)
  • Fireann (Culaith)
  • Baineann (Culaith)

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le The Edge Sports as na dearbháin seo a thabhairt dúinn mar urraíocht don eachtra. Is siopa mór-éilimh i measc na snámhaithe agus lúthchleasaithe eile é The Edge Sports agus tá súil againn go mbainfidh na buaiteoirí tairbhe as a ndearbháin.

Comh maith le duaiseanna do na snámhaithe is tapúla, tá duais mór eile againn don snámhaí is óige a chríochnaíonn an snámh ar an lá. Is é sin an Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan. Thug muintir Duggan an sciath seo go cineálta dúinn ag tosach ceart na heachtra sa bhliain 2009.

Téigh go dtí ár leathanach Iontrála chun d’ainm a chur isteach d’eachtra na bliana seo…