Snámh Slán

Chuir Donal Buckley, únéir LoneSwimmer.com, an treoirleathanach seo le chéile go cneasta dúinn. Tugann sé noda úsáideacha dúinn conas sábháilteacht pearsanta a áirithiú agus sinn ag snámh amuigh faoin aer.

Roinnt noda úsáideacha i gcomhair Snámha Shábháilte faoin aer…

Is féidir an téarma “snámh faoin aer” a úsáid chun tagairt a dhéanamh do shnámh san fharraige, in abhainn nó i loch agus ní aistríonn taithí i gcionn amháin díobh go dtí na cinn eile chomh díreach agus a cheapfá. Tá roinnt noda sábháilteachta atá ginearálta agus roinnt atá níos sainiúla, ach ar aon nós, ba cheart go mbeadh an sábháilteacht ar bharr do liosta agus tú ag snámh.

Nod 1 – Snámh i nGrúpaí

Is é seo an rud is tábhachtaí agus tú amuigh ag snámh. I ngrúpa, tá seans níos fearr ann go n-aithneofar riochtaí snámha baolacha. Más rud é nach bhfuil an t-am nó an fhad snámha ríofa i gceart, is féidir le grúpa cabhair a thabhairt do shnámhaí tinn nó traochta. Chomh maith leis sin, is féidir le grúpa snámhaí a bheadh ag fulaingt le hipiteirme a aithin go luath agus freastail air/uirthi.

Nod 2 – Caith Uaireadóir

Nod iontach sábháilteachta, a ndéantar neamhaird de go ró-mhinic, is ea uaireadóir a chaitheamh. Ba cheart go mbeifeá cinnte faoi d’am tosaithe mar is éasca dearmad a dhéanamh ar cé chomh fada agus atá tú san uisce, go háirithe in uisce fuar, agus caithfidh tú fanacht le tréimhsí báite a bhfuil taithí agat orthu. Moillíonn an hipiteirme gníomhaíochtaí na hintinne agus cuireann sé isteach ar chumas an duine measúnú a dhéanamh ar a riocht féin. Má fheiceann tú ón am go bhfuil tú ag gluaiseacht go moll, is dócha gur comhartha é seo go bhfuil moilliú tagtha ar do ráta snámha agus go bhfuil tú níos fuaire ná mar a mhothaíonn tú.

Nod 3 – Pleanáil Slí Amach Slán

Pé áit ina bhfuil tú ag snámh, rud an-tábhachtach ar fad is ea é go bhfuil slí amach sábháilte pleanáilte go cúramach agat agus, dar ndóigh, go bhfuil tú in ann é a aithin ón uisce. An mbeidh an taoide tar éis athrú chomh mór sin gur slí amach ar charraigeacha é do shlí amach trá? An mbeidh do shlí amach contúirteach má tá na tonnta go hard? An mbeidh tú in ann góilíní a fheiscint ón uisce? Conas a aithneoidh tú do cheann scríbe muna bhfuil aithne agat air cheana féin?

Nod 4 – Aithin na Sainchomharthaí

Is é an tslí is fearr chun cheann scríbe nua a aithin ná díriú isteach ar rud ar an spéirlíne díreach os a chionn. Ón uisce, féachann an cladach go léir mar an gcéanna. Tá an cuma seo le feiscint i locha móra agus san fharraige – breathnaíonn sé don snámhaí gur líne díreach é an cladach agus nach bhfuil aon ghóilíní ná chinn tíre ann. B’fhéidir gur comhartha maith é cnoc ó chúpla ciliméadar amuigh, ach níl sé maith go leor má tá tú níos cóngaraí. I gcás go bhfuil tú gar don chladach, bhéadh foirgneamh nó crann éigin ní b’fhearr duit. Cuimhnigh, leis sin, go bhfuil seans ann nach mbeifeá in ann aon rud atá níos lú ná cúpla méadar os cionn an uisce a fheiceáil agus an t-uisce go garbh. Bí cinnte, mar sin, go bhfuil do shainchomhartha i bhfad os cionn do cheann scríbe.

Nod 5 – Dúshláin an Fhionnuisce

Maidir le haibhneacha, is tábhachtach a chuimhneamh go mbíonn an sruth is láidre i lár an chainéil agus, dá bharr, go bhfuil sé níos éasca dul chun cinn a dhéanamh i n-aghaidh an tsrutha gar don bhruach. Muna bhfuil taithí agat ar an abhainn áirithe sin, tá sé níos sábháilte fanacht cóngarach don bhruach agus tú ag dul leis an sruth mar tá níos mó am agut chun freagairt d’fhadhbanna. In aibhneacha, áfach, bíonn fadhbanna níos mó maidir le bacainní cosúil le crainn atá tar éis titim isteach san abhainn agus le tralaithe siopadóireachta – bíonn siadsan le fáil gar do na bruacha níos minicí. Is féidir leis an bhfadhb seo a bheith bainteach le locha chomh maith. I locha agus i mallaibhneacha bíonn giolcacha – ba cheart go ndéanfá gach iarracht chun iad a sheachaint mar is féidir le snámhaithe éirí ceangailte ionta. Fadhb eile atá bainteach le locha agus le mallaibhneacha is ea siolta nó láib. Ná cuir do chosa síos i loch nó i mallabhainn muna bhfuil a fhios agut cad é an saghas talún atá fút mar is féidir leat éirí greamaithe i láib. Is cúis maith eile é sin chun snámh i ngrúpaí, dar ndóigh.

Nod 6 – Seachain Gearrthacha

Contúirt tromchúiseach is iad gearrthacha do na lámha agus dos na cosa. Go ró-mhinic, faigheann snámhaithe gearrthacha doimhne dá lámha agus dá gcosa díreach tar éis teacht amach as an uisce, nuair atá siad bodhar leis an bhfuacht. Ba cheart go mbeadh péire fhlip fleapanna nó coisbheart de shaghas éigin agat ag do cheann scríbe. Is minic a bhfeictear snámhaithe a bhfuil an-taithí orthu ag fágáil cuarán ag an bpoinnte is cóngaraí dá n-áit tosaithe agus críochnaithe.

I ngach aon chás snámha faoin aer, caithfear cúram is aire cuí a thabhairt do gach aon ghníomh agus snámh, le pleananna teagmhasa agus le heolas mar gheall ar an am críochnaithe a bheith ag daoine. Agus cuimhnigh:

Muna bhfuil a fhios agat, ná téigh!

Chun ailt rialta atá bainteach leis an snámh ó Donal, téigh go dtí LoneSwimmer.com, a irisleathanach snámha.

Do Thuairim: