Teocht na hAbhann ag Ardú!

Tráthnóna inné, chuaigh Dave Mulcahy agus Owen O’Keefe ag snámh san abhainn don chéad uair le mí anuas. Bhí teocht an uisce thart ar 6ºC nuair a bhí siad ann ar Lá ‘le Pádraig agus ní raibh siad ag súil le haon dul in airde ar an teocht sin inné. Bhí ionadh taitneamhach orthu, áfach, nuair a bhí ardú 2ºC nó mar sin tagtha uirthi. Cinnte, chabhraigh sé leis gur thráthnóna aoibhinn gréine a bhí ann, ach fós féin b’fheabhas iontach iad an 2ºC sin ón bhfuacht a bhí le mothú ceithre seachtaine ó shin.

Chomh maith leis an ardú teochta, tá an-dul chun cinn á dhéanamh ar an bhfánán nua taobh leis an gClub Rámhaíochta. Tá mórán siolta tar éis síothlú ar an bhfánán le déanaí ach is éasca fáil réidh leis sin. Tá súil againn go mbeidh an fánán seo críochnaithe roimh lá eachtra na bliana seo agus, má tá, beidh sé i bhfad níos éasca agus níos sábháilte do dhaoine dul isteach san abhainn agus teacht amach arís, go háirithe le linn eachtraí.

Ná déan dearmad go bhfuil iontrálacha ar oscailt don tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan 2013 agus níl uait ach dul chuig ár leathanach Iontrála chun gach sonra i dtaobh na hiontrála a fháil amach duit féin…

Iontrálacha oscailte i gcomhair SCMD 2013

Tá an-áthas orainn á fhógairt go bhfuil iontrálacha ar oscailt do Shnámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo, a bheidh ar siúl Dé hAoine, 14 Meitheamh. Beidh an snámh ar siúl sa ghnáth-áit, Fermoy Rowing Club ar an Abhainn Mhóir, agus beidh sé 2 km ar fhaid. Más mian leat iontráil, is féidir leat á dhéanamh tré leannúint na dtreoracha thíos (tá níos mó eolas ar fáil ar ár leathanach Iontrála). Beidh clárú ar oscailt ón 17:30 go dtí an 18:30 ar an lá agus tosnóidh an snámh ar an 19:30. Coimeád súil ar an mblag seo an t-eolas is deireanaí a fháil…

Treoracha Iontrála:

Is féidir leat iontráil ar an idirlíon nó, dá mb’fhearr leat, ar pháipéar. Dá mb’fhearr leat iontráil ar líne, níl uait ach cliceáil ar an nasc thíos agus tarraingeofar díreach chuig ár leathanach eachtra Active.com tú, áit is féidir leat iontráil láithreach bonn.

Cnaipe – Owen O'Keefe

Dá mb’fhearr leat iontráil ar pháipéar, is féidir leat an Entry Form* a íoslódáil, é a líonadh agus a sheoladh (leis an táille iontrála chuí) chuig an tUas. Owen O’Keefe, 3 Páirc an Fhionnuisce, Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí, Éire nó é a scanadh agus a chur i ríomhphost chuig blackwaterswim@gmail.com – ná déan dearmad ar an Parental Consent Form* a chur san áireamh má bheidh tú 17 mbliana d’aois nó níos óige ar lá an tsnámha! Gheobhaidh tú ríomhphost ag deimhniú d’iontráil.

*Gabh ár leithscéil nach bhfuil an córas iontrála ar fáil as Gaeilge go fóill. Is de bharr cúrsaí árachais an neamhréireacht seo. Tá súil againn go mbeimid in ann córas iontrála Gaeilge a chur ar fáil go luath.

Féilire Snámha na Mumhan 2013

Tá an féilire sealadach i gcomhair snámhanna faoin aer i gCúige Mumhan don bhliain 2013 eisithe ag Finbarr Hedderman an tseachtain seo. Do heisíodh i mBéarla amháin é ach tá sé aistrithe go Gaeilge againn agus is féidir é a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: Féilire Snámha na Mumhan 2013

Nótáil go bhfuil na dátaí agus gach eolas atá le feiceáil ar an bhféilire seo tabhartha mar threoracha amháin agus go gcaithfear gach sonra a bheith deimhnithe le stiúrthóirí na heachtraí éagsúla. Tá níos mó eachtraí le bheith curtha leis an bhféilire fós…