Iontráil

Eagrófar an chéad Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan Dé hAoine, 6 Meitheamh 2014 ar Ché an Ághasaigh, Mainistir Fhear Maí. Ar an leathanach seo, tá míniú ar chritéir rannpháirtithe, míniú ar tháillí iontrála i gcomhair shnámh na bliana seo, treoracha iontrála agus íoslódálacha úsáideacha.

Critéir Rannpháirtithe:

  1. Tá gach snámhaí a bhfuil ballraíocht de chlub atá cleamhnaithe le Swim Ireland nó ballraíocht d’aon eagraíocht snámha atá cleamhnaithe le FINA aige/aici agus a bheidh 12 bhliain d’aois nó níos sine ar lá na heachtra in ann snámh tar éis dó/di aontú leis an Event Waiver* (ar an bhfoirm iontrála). Cé nach bhfuil aon snámh cáilithe, ba cheart do shnámhaithe snámh faoin aer de 1.5 km nó níos mó a dhéanamh sna seachtaine roimh an tsnámha.
  2. I dteannta le 1. thuas, tá comhthoil tuistí chun snámha ag teastáil ó gach snámhaí a bheidh 17 mbliana d’aois nó níos óige ag lá an tsnámha. Tá ar thuismitheoirí nó chaomhnóirí dleathacha na snámhaithe seo an Parental Consent Form* a shíniú agus é a sheoladh ar ais chuig stiúrthóir na heachtra roimh an tsnámha.
  3. Tá an rogha ag snámhaithe culaith fhliuch a chaitheamh nó gan cheann a chaitheamh agus níl orthu a n-aigní a dhéanamh suas go dtí lá an tsnámha. Fógrófar an teocht uisce sa ríomhphost faisnéise timpeall seachtaine roimh an tsnámha.

Táillí Iontrála:

  • Snámhaithe a bheidh 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá: €15.00
  • Snámhaithe a bheidh 17 mbliana d’aois nó níos óige ar an lá: €10.00

Cumhdaíonn na táillí iontrála costaisí reatha an tsnámha agus hataí snámha uimhrithe do na snámhaithe go léir. Má bheidh aon airgead fágtha tar éis na costaisí seo a bheith cumhdaithe, tabharfar d’Aonad Cuardaigh & Aisghabhála CFT na hAbhann Móire atá lonnaithe anseo i Mainistir Fhear Maí.

Treoracha Iontrála:

Is féidir leat iontráil ar an idirlíon nó, dá mb’fhearr leat, ar pháipéar. Dá mb’fhearr leat iontráil ar líne, níl uait ach cliceáil ar an nasc thíos agus tarraingeofar díreach chuig ár leathanach eachtra Active.com tú, áit is féidir leat iontráil láithreach bonn.

Cnaipe – Owen O'Keefe

Dá mb’fhearr leat iontráil ar pháipéar, is féidir leat an Entry Form* a íoslódáil, é a líonadh agus a sheoladh (leis an táille iontrála chuí) chuig an tUas. Owen O’Keefe, 3 Páirc an Fhionnuisce, Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí, Éire nó é a scanadh agus a chur i ríomhphost chuig blackwaterswim@gmail.com – ná déan dearmad ar an Parental Consent Form* a chur san áireamh má bheidh tú 17 mbliana d’aois nó níos óige ar lá an tsnámha! Gheobhaidh tú ríomhphost ag deimhniú d’iontráil.

Íoslódálacha (PDF):

*Gabh ár leithscéil nach bhfuil an córas iontrála ar fáil as Gaeilge go fóill. Is de bharr cúrsaí árachais an neamhréireacht seo. Tá súil againn go mbeimid in ann córas iontrála Gaeilge a chur ar fáil go luath.

Do Thuairim: