Amanna i gcomhair eachtra na bliana seo…

A fhad is atáimid fós ag iarraidh an scéal leis an gcóras iontrála ar-líne a réiteach, níl anseo ach cur-i-gciumhne beag faoi na hamanna tábhachta i gcomhair eachtra na bliana seo:

  • Marcáil isteach ag Fermoy Rowing Club ó 18:00 go 19:00.
  • Crinniú faisnéise sábháilteachta ar an láthair chéanna ag 19:05.
  • Tosú an tsnámha ag 19:30 ón bhfánán nua.
  • Sólaistí agus duaiseanna thuas staighre díreach i ndiaidh an tsnámha.

Beimid ag fógairt cén saghas duaiseanna a bheidh againn ar ball…

Iontrálacha ar oscailt!

Dia dhaoibh, a chairde go léir! Faoi dheireadh, tá iontrálacha i gcomhair rása na bliana seo ar oscailt. Ar an drochuair, tá Active.com beagáinín mall ag liostáil ár n-eachtra i mbliana agus, dá bharr sin, nílimid ag glacadh ach le hiontrálacha páipéir go fóill. Tá gach eolas faoi conas d’ainm a chur isteach le haghaidh an tsnámha le fáil ar ár leathanach Iontrála agus tá an fhoirm iontrála agus an fhoirm chomhthoil tuistí le fáil ansin chomh maith.

Agus sinn ag tnúth le heachtra na bliana seo, tabhair súil ar ár gCartlann Torthaí, áit is féidir teacht ar na torthaí ar fad ó na bliana atá imithe inár ndiaidh. Ná déan dearmad, leis, go mbímid i gcónaí ag lorg saorálaithe chun cabhair a thabhairt ar an lá. Dá mbeadh aon suim agat lámh a thabhairt dúinn, seol r-phost chuig blackwaterswim@gmail.com chomh luath agus is féidir, le do thoil…

Sin é uainn go fóillín, coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh tuilleadh eolais!