Iontrálacha ar oscailt!

Dia dhaoibh, a chairde go léir! Faoi dheireadh, tá iontrálacha i gcomhair rása na bliana seo ar oscailt. Ar an drochuair, tá Active.com beagáinín mall ag liostáil ár n-eachtra i mbliana agus, dá bharr sin, nílimid ag glacadh ach le hiontrálacha páipéir go fóill. Tá gach eolas faoi conas d’ainm a chur isteach le haghaidh an tsnámha le fáil ar ár leathanach Iontrála agus tá an fhoirm iontrála agus an fhoirm chomhthoil tuistí le fáil ansin chomh maith.

Agus sinn ag tnúth le heachtra na bliana seo, tabhair súil ar ár gCartlann Torthaí, áit is féidir teacht ar na torthaí ar fad ó na bliana atá imithe inár ndiaidh. Ná déan dearmad, leis, go mbímid i gcónaí ag lorg saorálaithe chun cabhair a thabhairt ar an lá. Dá mbeadh aon suim agat lámh a thabhairt dúinn, seol r-phost chuig blackwaterswim@gmail.com chomh luath agus is féidir, le do thoil…

Sin é uainn go fóillín, coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh tuilleadh eolais!

Spriocdháta sroichte againn!

Is é inniu an lá deireanach le haghaidh iontrálacha do Shnámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo. Dúnfar an córas iontrála ar uair an mheán oíche anocht agus ní bheimid in ann glacadh le haon iontrálacha déanacha ná le haon iontrálacha ar an lá. Is de bharr cúiseanna sábháilteachta an polasaí seo.

Lógó – The Edge Sports

Tá an snámh oscailte do shnámhaithe atá ina mbaill de chlubanna Swim Ireland agus do shnámhaithe ón gcoigríoch atá cláraithe le ceann-eagraíochtaí snámha ina dtíortha féin. Is é €25 an táille iontrála do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus €15 an táille do dhaoine óga ó 12 bhliain d’aois go dtí 17 mbliana d’aois (san áireamh). Tá ceithre dhearbhán de €25 an ceann do The Edge Sports i gCorcaigh le buachan ar an lá agus sciath bhuan don tsnámhaí is óige. Is féidir iontráil trí chliceáil ar an gcnaipe seo:

Amárach, foilseofar an liosta tosaithe ar an suíomh idirlín seo agus beidh tú in ann súil ghéar a chaitheamh ar líon na rannpháirtithe don Aoine, iad atá ar chomh-luas leatsa ach go háirithe! Eiseofar treoracha do shnámhaithe agus do shaorálaithe chomh maith. Táimid ag tnúth go mór le sibh uile a fheiscint Dé hAoine!

Seachtain amháin fágtha chun iontráil

Dia dhaoibh, a shnámhaithe uile! Níl ach seachtain amháin fágtha chun d’ainm a chur isteach do SCMD na bliana seo. Dúnfar an córas iontrála ar uair an mheán oíche Dé Céadaoin seo chugainn (12 Meitheamh). Ní ghlacfar le haon iontrálacha déanacha.

Tá spásanna do shaorálaithe ar fáil chomh maith! Táimid ag lorg daoine faire a bheidh suite in áiteanna áirithe ar bhruach na habhann, cadhcálaithe (atá ar cumas Leibhéal 2 sa chadhcáil) agus amadóirí. Dá dteastódh uaitse a leithéid a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn agus tabharfaimid post éigin duit!

Tá na riochtaí go hiontach ar an Abhainn Mhóir faoi láthair – timpeall 15ºC an teocht istigh san uisce – agus tá súil againn go bhfanfaidh sé mar seo go dtí lá na heachtra. Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiscint ar an lá…

Iontrálacha oscailte i gcomhair SCMD 2013

Tá an-áthas orainn á fhógairt go bhfuil iontrálacha ar oscailt do Shnámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo, a bheidh ar siúl Dé hAoine, 14 Meitheamh. Beidh an snámh ar siúl sa ghnáth-áit, Fermoy Rowing Club ar an Abhainn Mhóir, agus beidh sé 2 km ar fhaid. Más mian leat iontráil, is féidir leat á dhéanamh tré leannúint na dtreoracha thíos (tá níos mó eolas ar fáil ar ár leathanach Iontrála). Beidh clárú ar oscailt ón 17:30 go dtí an 18:30 ar an lá agus tosnóidh an snámh ar an 19:30. Coimeád súil ar an mblag seo an t-eolas is deireanaí a fháil…

Treoracha Iontrála:

Is féidir leat iontráil ar an idirlíon nó, dá mb’fhearr leat, ar pháipéar. Dá mb’fhearr leat iontráil ar líne, níl uait ach cliceáil ar an nasc thíos agus tarraingeofar díreach chuig ár leathanach eachtra Active.com tú, áit is féidir leat iontráil láithreach bonn.

Cnaipe – Owen O'Keefe

Dá mb’fhearr leat iontráil ar pháipéar, is féidir leat an Entry Form* a íoslódáil, é a líonadh agus a sheoladh (leis an táille iontrála chuí) chuig an tUas. Owen O’Keefe, 3 Páirc an Fhionnuisce, Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí, Éire nó é a scanadh agus a chur i ríomhphost chuig blackwaterswim@gmail.com – ná déan dearmad ar an Parental Consent Form* a chur san áireamh má bheidh tú 17 mbliana d’aois nó níos óige ar lá an tsnámha! Gheobhaidh tú ríomhphost ag deimhniú d’iontráil.

*Gabh ár leithscéil nach bhfuil an córas iontrála ar fáil as Gaeilge go fóill. Is de bharr cúrsaí árachais an neamhréireacht seo. Tá súil againn go mbeimid in ann córas iontrála Gaeilge a chur ar fáil go luath.