Duaiseanna d’eachtra na bliana seo…

Tá an aimsir ag dul i bhfeabhas seachtain i ndiaidh seachtaine um an taca seo agus tá súil againn go bhfuil sibh go léir ag dul ar ais chun na n-aibhneacha, na lochanna agus na farraigí agus séasúr an tsnámha faoin aer ag druidim linn.

Lógó – The Edge SportsChun sibh a spreagadh in bhur dtraenáil, tá áthas orainn á fhógairt go mbeidh ceithre dhearbhán, €25 an ceann, don siopa spóirt, The Edge Sports, i gCorcaigh le buachan ag an Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan 2013. Bronnfar na dearbháin seo ar na snámhaithe is tapúla sna catagóirí seo a leanas ar an lá:

  • Fireann (Gan Chulaith)
  • Baineann (Gan Chulaith)
  • Fireann (Culaith)
  • Baineann (Culaith)

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le The Edge Sports as na dearbháin seo a thabhairt dúinn mar urraíocht don eachtra. Is siopa mór-éilimh i measc na snámhaithe agus lúthchleasaithe eile é The Edge Sports agus tá súil againn go mbainfidh na buaiteoirí tairbhe as a ndearbháin.

Comh maith le duaiseanna do na snámhaithe is tapúla, tá duais mór eile againn don snámhaí is óige a chríochnaíonn an snámh ar an lá. Is é sin an Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan. Thug muintir Duggan an sciath seo go cineálta dúinn ag tosach ceart na heachtra sa bhliain 2009.

Téigh go dtí ár leathanach Iontrála chun d’ainm a chur isteach d’eachtra na bliana seo…