Tuairisc & Torthaí 2013

Reáchtáladh Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo ar 7:30 in tráthnóna inné san Abhainn Mhóir i Mainistir Fhear Maí. Cé go raibh an aimsir bog braonach ar feadh mórchuid den lá, ghlan sé díreach roimh an eachtra agus bhí riochtaí aimsire i bhfad ní b’fhearr ná mar a bhíomar ag súil leis ní ba luaithe. Níor chuir an bháisteach le leibhéal an uisce agus, mar sin, bhí sé ní b’éasca do shnámhaithe dul in aghaidh an easa don chéad chiliméadar. Dar le huaireadóir Carol Cashell, 14.3ºC a bhí teocht an uisce. Ní raibh aon ghearán ag éinne faoi riochtaí abhann ar an lá agus ba léir gur bhain gach aon duine an-taitneamh as an snámh. Chríochnaigh gach duine den 47 snámhaí a thosnaigh an snámh agus, de réir dealraimh, gach aon duine acu an-sásta lena n-amanna snámha.

Grianghraf – Lee Fox

Beirt snámhaithe ag teacht timpeall na mbaoite castaí ag barr an chúrsa (Grianghraf: Lee Fox).

Ba é an réalta trí-atlain Gavin Noble (Sandycove Island SC) a fuair an chéad áit. Shnámh sé an 2 km san am ba thapúla riamh, 23 nóiméad 32.7 soicind! Ní raibh an lúthchleasaí aitheanta eile Bryan Keane (Templeogue SC) ró-fhada taobh thiar de. Chríochnaigh sé siúd in am 23 nóiméad 50.1 soicind. Ba é Owen O’Keefe (Fermoy SC) an chéad snámhaí gan chulaith chun críochnú ach fuair Ned Denison (Sandycove Island SC) an duais don áit sin mar tá Owen ar Choiste Eagraíochta na heachtra. Ba í Sarah Early (Templeogue SC) an chéad bhean chun an snámh a chríochnú. Ba í Carol Cashell (Dolphin SC) an chéad bhean chun an snámh a chríochnú gan chulaith. Ghlac sise páirt san eachtra seo seachtain i ndiaidh snámh timpeall Manhattan Nua-Eabhrac, 28.5 míle sa tslí! Tá torthaí iomlána le feiceáil ar an leathanach Torthaí 2013. Má fheiceann tú aon bhotún sna torthaí sin cuir in iúl dúinn go bhfuil sé ann agus déanfaimid iarracht é a réitiú.

Grianghraf – George O'Keefe

Gavin Noble ag glacadh lena dhuais – dealbhán €25 do The Edge Sports i gCorcaigh – ó Brigid Noonan agus Owen O’Keefe (Grianghraf: George O’Keefe).

Gach bliain, bronntar an Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan don snámhaí is óige a chríochnaíonn an snámh. Níorbh aon ionadh mór é gurbh í Mary Brooks (Fermoy SC) a bhuaigh an duais seo i mbliana. Fuair Mary an duais tar éis di an cúrsa 2 km  a chríochnú in am 32 nóiméad 39.1 soicind (le culaith uirthi). Is í Mary an tríú duine de chine Brooks atá tar éis an duais seo a bhuachan!

Grianghraf – George O'Keefe

Mary Brooks ag glacadh lena duais – Sciath Chuimhneacháin Martin Duggan – ó John Duggan agus Owen O’Keefe (Grianghraf: George O’Keefe).

Tá buíochas le gabháil le an-chuid daoine agus grúpanna ó thaobh eagraíocht na heachtra de. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne ó Fermoy Rowing Club as ucht a gcuid áiseanna go léir agus gach cabhair a thabhairt dúinn ar an lá – ní bheimis in ann an eachtra a chur ar fáil in aon chor gan iad. Gabhaimid buíochas le Cumann Fo-Thuinn na hAbhann Móire, leis na cadhcóirí agus leis na daoine faire go léir a thug an-chabhair dúinn ag cur eachtra shlán shábháilte os comhair na snámhaithe. Buíochas lenár réiteoir, Jim Sheehan, a choimeád gach aon rud ó thaobh an rása de ag dul ar aghaidh go réidh, lenár n-amadóirí, lenár maoir chasaidh agus lenár bhfear fótaichríche, George O’Keefe. Buíochas le “The Edge Sports”, Corcaigh as ceithre dhuais ar luach €25 an ceann a urrú. Ar deireadh, ba mhaith buíochas a ghabháil le gach duine a rinne ceapairí, cístí agus sólaistí de gach aon saghas agus le Noel McCarthy, siopa eischeadúnais “Carry Out” i Mainistir Fhear Maí, as na deochanna boga a thabhairt dúinn.

Beidh go leor grianghraif eile le feiscint ar ár leathanach Facebook go luath (amárach nó Dé Luain seo chugainn). Idir an dá linn, go raibh míle maith agaibh go léir as a bheith linn inné agus táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil arís an bhliain seo chugainn!

Seachtain amháin fágtha chun iontráil

Dia dhaoibh, a shnámhaithe uile! Níl ach seachtain amháin fágtha chun d’ainm a chur isteach do SCMD na bliana seo. Dúnfar an córas iontrála ar uair an mheán oíche Dé Céadaoin seo chugainn (12 Meitheamh). Ní ghlacfar le haon iontrálacha déanacha.

Tá spásanna do shaorálaithe ar fáil chomh maith! Táimid ag lorg daoine faire a bheidh suite in áiteanna áirithe ar bhruach na habhann, cadhcálaithe (atá ar cumas Leibhéal 2 sa chadhcáil) agus amadóirí. Dá dteastódh uaitse a leithéid a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn agus tabharfaimid post éigin duit!

Tá na riochtaí go hiontach ar an Abhainn Mhóir faoi láthair – timpeall 15ºC an teocht istigh san uisce – agus tá súil againn go bhfanfaidh sé mar seo go dtí lá na heachtra. Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiscint ar an lá…

Léarscáil Snámha

Níl ach mí amháin idir sinne agus Snámh Cuimhneacháin Martin Duggan na bliana seo agus táimid ag tnúth go mór leis. Tá sos beag curtha ar fheabhsú na haimsire agus ar ardú theocht an uisce ach gealltar go mbeimid ar ais ar an mbóthar ceart i gcionn tamaillín bheag eile. Tá léarscáil curtha le chéile againn chun sibh a chur ar an eolas faoi suíomh an tsnámha, áiteanna páirceála agus a leithéid (cliceáil ar na deilbhíní):


Ná déan dearmad go bhfuil iontrálacha ar oscailt agus nach bhfuil uait ach dul chuig ár leathanach Iontrála chun a fháil amach conas d’ainm a chur san áireamh…

Teocht na hAbhann ag Ardú!

Tráthnóna inné, chuaigh Dave Mulcahy agus Owen O’Keefe ag snámh san abhainn don chéad uair le mí anuas. Bhí teocht an uisce thart ar 6ºC nuair a bhí siad ann ar Lá ‘le Pádraig agus ní raibh siad ag súil le haon dul in airde ar an teocht sin inné. Bhí ionadh taitneamhach orthu, áfach, nuair a bhí ardú 2ºC nó mar sin tagtha uirthi. Cinnte, chabhraigh sé leis gur thráthnóna aoibhinn gréine a bhí ann, ach fós féin b’fheabhas iontach iad an 2ºC sin ón bhfuacht a bhí le mothú ceithre seachtaine ó shin.

Chomh maith leis an ardú teochta, tá an-dul chun cinn á dhéanamh ar an bhfánán nua taobh leis an gClub Rámhaíochta. Tá mórán siolta tar éis síothlú ar an bhfánán le déanaí ach is éasca fáil réidh leis sin. Tá súil againn go mbeidh an fánán seo críochnaithe roimh lá eachtra na bliana seo agus, má tá, beidh sé i bhfad níos éasca agus níos sábháilte do dhaoine dul isteach san abhainn agus teacht amach arís, go háirithe le linn eachtraí.

Ná déan dearmad go bhfuil iontrálacha ar oscailt don tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan 2013 agus níl uait ach dul chuig ár leathanach Iontrála chun gach sonra i dtaobh na hiontrála a fháil amach duit féin…

Fáilte go dtí ár suíomh idirlín nua!

Is é do bheatha go dtí suíomh idirlín nua an tSnámh Cuimhneacháin Martin Duggan. Caith súil ar ár leathanach Faoi agus ar ár gCartlainn Torthaí chun á fháil amach cé sinn. Eagrófar snámh na bliana seo Dé hAoine, 14 Meitheamh agus beidh iontrálacha ar oscailt go luath ar ár leathanach Iontrála!

Coimeád súil ar an suíomh idirlín seo chun nuashonrúcháin a fháil mar gheall ar na hullmhúcháin chun an SCMD 2013 agus ná déan dearmad gur féidir leat dul i dteagmháil linn trínár leathanach Teagmhála má tá aon cheist nó iarratas agat…